Thursday, September 23, 2010

Simply Music - Ceardlann trí Gaeilge

SIMPLY MUSIC

Ceol faoi Spreagadh na Teicneolaíochta i gCúrsaí Oideachais

Ceardlann ar Léiriú Cnagtha is ea Simply Music, ina gcuimsítear Teicneolaíocht Idirghníomhach agus Léiriú Ceoil Beo. Ceapadh é go speisialta chun tacú leis an gcuraclam ceoil don leibhéal bunscoile do dhaltaí agus múinteoirí agus faigheann sé tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus tá sé faofa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Cuireadh an tsamhail le chéile chun an fhoghlaim le haghaidh stíleanna cognaíocha éagsúla a chur chun cinn tríd an teicneolaíocht a thabhairt isteach mar uirlis foghlama. Tá an t-ábhar bunaithe ar 3 shnáithe den churaclam bunscoile don cheol:

1. Ag Éisteacht agus Ag Freagairt
2. Ag Léiriú
3. Ag Cumadh

An tSamhail 'Simply Rhythm' (Ceardlann 2 Lá):

Tá sraith ceardlann 2 lá curtha le chéile ag Simply Music laistigh de gach scoil, ina bhfuil 2 cheoltóir ghairmiúla atá ag obair laistigh de chomhthéacs na scoile in éineacht le grúpaí na ceardlainne.

Léirítear 2 sheisiún ceardlainne gach lá le dhá ghrúpa ranga éagsúla. Tugann na ceardlanna seo gnéithe de cheol an churaclaim le chéile taobh leis an léiriú ceoil. Faigheann gach grúpa 3 sheisiún ceardlainne agus mar bhuaicphointe an tionscnaimh ag an deireadh bíonn léiriú beo ag na daltaí agus na ceoltóirí. 

Forbraítear na ceardlanna ar aon dul le céimeanna forbartha cognaíche na leanaí laistigh den churaclam bunscoile. Déantar iad a mhiondealú de réir na gcéimeanna foghlama mar atá leagtha amach i gcuraclam ceoil na bunscoile. Tá an t-ábhar cognaíoch, ó thaobh ghnéithe léirithe na ceardlainne agus leibhéal na hidirghníomhaíochta, oiriúnach do chumais an aoisghrúpa ábhartha. 

Baineann na ceardlanna úsáid as an teicneolaíocht agus an léiriú in éineacht le chéile chomh maith le réimse ionstraimíochta cnagtha (Boomwhackers ina measc, ar an scáileán agus den scáileán) agus forbairt de ghnéithe forbartha gutha agus rithimeacha freisin (gníomh-amhráin etc.)

Chomh maith leis sin laistigh de na seisiúin tugann Simply Music isteach cineálacha éagsúla den nodaireacht cheoil agus struchtúir rithimeacha mar atá sa churaclam ceoil agus atá oiriúnach don aoisghrúpa ar leith atá rannpháirteach sa cheardlann.

Baineann an cheardlann úsáid as an teicneolaíocht chun na daltaí a chumasú ionas go mbeidh muinín acu ina gcuid léirithe agus le foghlaim faoin mbealach le greim ceart a fháil ar gach uirlis agus faoin mbealach chun iad a sheinm i gceart. Foghlaimíonn siad faoin mbealach le hoibriú go neamhspleách lena n-uirlis agus faigheann siad tacaíocht ón teicneolaíocht, a sheinneann a líne shéiseach nó rithimeach sa chúlra chun tacú leo agus chun an leanúnachas a choinneáil sa léiriú.

Oibríonn na ceoltóirí leis na daltaí chun a muinín agus scileanna a fhorbairt agus coimeádann gach leanbh, trí fhoghlaim a dhéanamh de ghlanmheabhair, sraith de phatrúin rithimeacha / shéiseacha agus mar thoradh air seo eascraíonn píosa ceoil a léirítear beo laistigh den scoil ar an lá deireanach den cheardlann. Leanann na ceoltóirí ag tabhairt tacaíochta agus ag cruthú ábhar nuálaíoch de réir mar a théann an cheardlann ar aghaidh agus spreagann siad an nuálaíocht ceoil a thagann ó na leanaí atá le bheith curtha isteach sa léiriú deireanach. 

Na torthaí a eascraíonn as an gceardlann ná go mbíonn níos mó eolais ag na daltaí faoi chnaguirlisí, forbairt rithimeach agus ghutha agus eispéireas ceoil trí bheith rannpháirteach i léiriú beo le múinteoirí agus grúpaí ranga eile.

Cuirfear na cnaguirlisí (le haghaidh suas le 60 leanbh, a bheag nó a mhór) ar fáil chomh maith le ríomhaire, teilgeoir agus scáileán, agus Córas Fógartha Poiblí.

Simply Music / An Ceoláras Náisiúnta:

D'éirigh go maith le Simply Music cláir a reáchtáil tríd an Roinn 'Foghlaim agus Fiosraigh' sa Cheoláras Náisiúnta le Ceardlanna Oiliúna Inseirbhíse do Mhúinteoirí (Samhradh 2007, 2008, 2009 & 2010) do mhúinteoirí bunscoile – atá mar chuid d'fhoráil Inseirbhíse na Roinne Oideachais agus Scileanna. 

“In the Simply Music teacher training summer courses at The National Concert Hall, teachers have found the content accessible and engaging, regardless of their level of musical or technological experience. It has been wonderful to see (and hear!) how, even those teachers who start out without much confidence in their natural musical abilities are enthusiastic performers by the end of the five-day course.

"From year to year – and even from day to day within the course -- Paul continues to adapt and innovate, so that the content is always evolving. Paul takes this same approach to his in-school workshops, making Simply Music accessible to an ever-widening audience, for example by translating the content into Irish, or by creating an infants’ version of the workshop. Paul gave a “sneak preview” of the Simply Music infants’ workshop content during one of our parent-toddler classes; the combination of boomwhackers and video projection added very stimulating new elements to the learning experience.” 

Katie Wink & Carol-Ann McKenna, Learn & Explore Department, National Concert Hall, 
Earlsfort Terrace, Dublin 2.

Tá an tsamhail reatha curtha ar fáil i mBéarla agus tá an rogha As Gaeilge curtha isteach againn chuig an gCeoláras Náisiúnta agus tá súil againn é a chur i bhfeidhm go luath amach anseo.

Ceardlanna Riachtanas Speisialta:

Tá cead díreach faighte ag Simply Music ón gCeoláras Náisiúnta le ceardlann a chur ar bun sna míonna amach romhainn mar chlár píolóta sa réimse riachtanas speisialta agus tá súil aige é a chur i bhfeidhm go luath.

“Lá Náisiúnta Ceoil” an Ark/Music Network:

Fuair Simply Music tacaíocht ó Music Network agus ón Ark mar chuid den chéad Lá Náisiúnta Ceoil in Éirinn, arna chomhordú ag Music Network, a bhí ar siúl ar 16 Aibreán 2010. 

Léirigh Simply Music agus Scoil Náisiúnta Bhaile Sheáin do Bhuachaillí i nDún Laoghaire ceardlanna teicneolaíochta ceoil san Ark agus bhí áthas orainn gur thuairiscigh RTÉ faoin imeacht don chlár News2Day atá acu ar RTÉ 2. 

(rte.ie/​tv/​theden/​news2day/​news2day_20100416_av.html?2739377,null,228).

Rannpháirtíocht Simply Music ag Comhdháil Oideachais Bhliantúil do Phríomhoidí Bunscoile den IPPN (|Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach, 28-30 Eanáir 2010):

Go luath i mbliana ghlac Simply Music páirt i gComhdháil agus Mórthaispeántas an IPPN. Leis seo bhí lucht éisteachta faoi chuing acu de 1000 príomhoide bunscoile, a bheag nó a mhór, a bheidh mar chabhair agus ár gceardlanna oiliúna do mhúinteoirí agus inscoile á gcur chun cinn. 

Comhoibriú:

Oibrímid go comhoibríoch le heagraíochtaí ealaíon / oideachasúla eile le bheith in ann ceangal leis an lucht féachana is fairsinge agus lena chinntiú go bhfuil an líon is mó daoine óga agus is féidir in ann eispéireas Simply Music a bhrath.

Is iad seo a leanas ár gcomhpháirtithe comhoibritheacha:

• An Chomhairle Ealaíon
• The Ark – Ionad Cultúrtha do Leanaí
• An Roinn Oideachais & Scileanna
• Comhairle Contae Fhine Gall 
• Comhairle Contae Chill Dara
• Music Network
• An Ceoláras Náisiúnta – An Clár 'Foghlaim & Fiosraigh'

Teistiméireachtaí:

Simply Music/ An Chomhairle Ealaíon - Aiseolas na nGaelscoileanna (Samhain 2009):

“Sár-Cheardlann a bhí anseo - an-phraiticiúil agus dírithe ar an leibhéal cheart agus ar an gcuraclam ceoil - d’éirigh le Paul & Aingeala níos mó a bhaint amach i ndá lá mar a éiríonn leis an múinteoir ranga a bhaint amach i mbliain. Bheadh sé iontach áiseanna ar nós an clár Simply Music a bhí in úsáid a an gceardlann a bheith ar fáil i bhfoirm cd-romanna do scoileanna le go bhfeadfaí tógáil ar an obair iontach a déanadh & ar an mbealach sin an curaclam ceoil a shaibhriú.”

“Bhí sé soiléar nuair a bhí an ‘taispeántas’ ar siúl go raibh na dáltaí dírithe go hiomlán ar an ‘stiúrthoir’ (an clár dán) – lean siad na notaí, an rithim agus an treoir ‘radharcach (visual) a bhí le feiceáil acu agus dá bhrí sin ni raibh aon chor isteach no treoir eile ag teastál o mhúinteoir no eile – iad ag foghlaim ‘ceol léamh’ i ngan fhios dóibh féin.”

Emer Níc Chonchradha, Príomoide, Gaelscoil Thaobh na Coille, CillTiarnáin, Baile Átha Cliath 18

“Tá ceardlann mar seo an-taitneamhach do na páistí agus foghlaimíonn siad i bhfad níos mó nuair a atá siad ag glacadh páirt agus seinm ar na huirlísí.”
“Bhain gach páiste agus múinteoir taitneamh as an gceardlann agus ba bhreá linn níos mó de a fheicéail, ionas go mbeidh deis ag gach páiste sa scoil páirt a ghlacadh ann. Ar fheabhas ar fad.”

Máire Ní Dhonnagáin, Múinteoir Ranga, Scoil Bhríde, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6

“Bhí na huirlisí go híontach, ní amháin an teicneolaíocht ach na huirlisí chomh maith.”...... “Bhí an scil den rithim le feiceáil go soiléir.”

Solweg Ní Fhiach, Múinteoir Ranga, Scoil Lorcáin, Cearnóg Eaton,Baile Na Manach, Baile Átha Cliath

“Déanann sé níos éasca agus réalaíoch dóibh nuair a bhíonn saineolaí á múineadh go bhfuil fios a cheird aige. Cabhraíonn sé go mór leo nuair a bhíonn obair agus cleachtadh i gceist le taispeántas ag an deireadh. Léiríonn sé rithim bunúsach dóibh agus gur féidir a bheith páirteach i gceol gan uirlis agat.”

“Cabhraíonn sé go mór leo díriú ar an dtasc faoi láimh mar tá taithí acu ar scáthlán mar shampla teilifís, ríomhaire agus coinníonn sé le chéile iad ó thaobh fuaime agus rithim “

Fíona Ní Chlérigh, Múinteoir Ranga, Gaelscoil Thaobh na Coille, CillTiarnáin, Baile Átha Cliath 18

“Tá sé chomh soiléir agus tarraingteach gur féidir le gach dalta - is cuma cé chomh lag - é a leanúint agus fhoghlaim go héasca - ardú féin mhuiníne, níos mó taitneamh, ag foghlaim faoi chomhoibriú i ngrúpa.”

Bébhinn de Nógla, Oide Ranga, Scoil Bhríde, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6

“Ag freastail ar riachtanais leathan – na páistí in ann é a thuiscint agus dul chun cinn a dhéanamh ar bhealach idirghníomhach.”.....“Difriúil – Athrú ón ngnáth rang ceoil.”.......“Réimse cnaguirlisí leathan a sheinnt agus foghlaim futhú.”........“Dúshlán – b’éigean dóibh comhoibriú le chéile le go n-oibreodh sé.”........“Spreagadh- spreag sé suim gur féidir leanacht leis sa rang.”........“Spraíúil – bhain siad an-taithneamh as”
“Ba bhreá an rud an CD Rom seo a bheith ar fáil le ceannach ag an scoil. Is cinnte go mbainfí úsáid as! Comhghairdeas libh. Maith thú Paul!”

Mairéad Déiseach, Múinteoir Ranga, Scoil Chualann, Bothar Vevay, Bre, Co Chill Mhantain

Simply Music

Web: simplymusic.ie
E-Mail: info@simplymusic.ie
Tel: 01 2856162
Mobile: 087 2227718

Simply Music - Ceol faoi Spreagadh na Teicneolaíochta i gCúrsaí Oideachais

Ceardlann ar Léiriú Cnagtha is ea Simply Music, ina gcuimsítear Teicneolaíocht Idirghníomhach agus Léiriú Ceoil Beo. Ceapadh é go speisialta chun tacú leis an gcuraclam ceoil don leibhéal bunscoile do dhaltaí agus múinteoirí agus faigheann sé tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus tá sé faofa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Cuireadh an tsamhail le chéile chun an fhoghlaim le haghaidh stíleanna cognaíocha éagsúla a chur chun cinn tríd an teicneolaíocht a thabhairt isteach mar uirlis foghlama. Tá an t-ábhar bunaithe ar 3 shnáithe den churaclam bunscoile don cheol:

1.     Ag Éisteacht agus Ag Freagairt
2.     Ag Léiriú
3.     Ag Cumadh

An tSamhail 'Simply Rhythm' (Ceardlann 2 Lá):

Tá sraith ceardlann 2 lá curtha le chéile ag Simply Music laistigh de gach scoil, ina bhfuil 2 cheoltóir ghairmiúla atá ag obair laistigh de chomhthéacs na scoile in éineacht le grúpaí na ceardlainne.

Léirítear 2 sheisiún ceardlainne gach lá le dhá ghrúpa ranga éagsúla. Tugann na ceardlanna seo gnéithe de cheol an churaclaim le chéile taobh leis an léiriú ceoil. Faigheann gach grúpa 3 sheisiún ceardlainne agus mar bhuaicphointe an tionscnaimh ag an deireadh bíonn léiriú beo ag na daltaí agus na ceoltóirí.  

Forbraítear na ceardlanna ar aon dul le céimeanna forbartha cognaíche na leanaí laistigh den churaclam bunscoile. Déantar iad a mhiondealú de réir na gcéimeanna foghlama mar atá leagtha amach i gcuraclam ceoil na bunscoile. Tá an t-ábhar cognaíoch, ó thaobh ghnéithe léirithe na ceardlainne agus leibhéal na hidirghníomhaíochta, oiriúnach do chumais an aoisghrúpa ábhartha.     

Baineann na ceardlanna úsáid as an teicneolaíocht agus an léiriú in éineacht le chéile chomh maith le réimse ionstraimíochta cnagtha (Boomwhackers ina measc, ar an scáileán agus den scáileán) agus forbairt de ghnéithe forbartha gutha agus rithimeacha freisin (gníomh-amhráin etc.)

Chomh maith leis sin laistigh de na seisiúin tugann Simply Music isteach cineálacha éagsúla den nodaireacht cheoil agus struchtúir rithimeacha mar atá sa churaclam ceoil agus atá oiriúnach don aoisghrúpa ar leith atá rannpháirteach sa cheardlann.

Baineann an cheardlann úsáid as an teicneolaíocht chun na daltaí a chumasú ionas go mbeidh muinín acu ina gcuid léirithe agus le foghlaim faoin mbealach le greim ceart a fháil ar gach uirlis agus faoin mbealach chun iad a sheinm i gceart. Foghlaimíonn siad faoin mbealach le hoibriú go neamhspleách lena n-uirlis agus faigheann siad tacaíocht ón teicneolaíocht, a sheinneann a líne shéiseach nó rithimeach sa chúlra chun tacú leo agus chun an leanúnachas a choinneáil sa léiriú.

Oibríonn na ceoltóirí leis na daltaí chun a muinín agus scileanna a fhorbairt agus coimeádann gach leanbh, trí fhoghlaim a dhéanamh de ghlanmheabhair, sraith de phatrúin rithimeacha / shéiseacha agus mar thoradh air seo eascraíonn píosa ceoil a léirítear beo laistigh den scoil ar an lá deireanach den cheardlann. Leanann na ceoltóirí ag tabhairt tacaíochta agus ag cruthú ábhar nuálaíoch de réir mar a théann an cheardlann ar aghaidh agus spreagann siad an nuálaíocht ceoil a thagann ó na leanaí atá le bheith curtha isteach sa léiriú deireanach.       
Na torthaí a eascraíonn as an gceardlann ná go mbíonn níos mó eolais ag na daltaí faoi chnaguirlisí, forbairt rithimeach agus ghutha agus eispéireas ceoil trí bheith rannpháirteach i léiriú beo le múinteoirí agus grúpaí ranga eile.

Cuirfear na cnaguirlisí (le haghaidh suas le 60 leanbh, a bheag nó a mhór) ar fáil chomh maith le ríomhaire, teilgeoir agus scáileán, agus Córas Fógartha Poiblí.

Simply Music / An Ceoláras Náisiúnta
D'éirigh go maith le Simply Music cláir a reáchtáil tríd an Roinn 'Foghlaim agus Fiosraigh' sa Cheoláras Náisiúnta le Ceardlanna Oiliúna Inseirbhíse do Mhúinteoirí (Samhradh 2007, 2008, 2009 & 2010) do mhúinteoirí bunscoile atá mar chuid d'fhoráil Inseirbhíse na Roinne Oideachais agus Scileanna.

 “In the Simply Music teacher training summer courses at The National Concert Hall, teachers have found the content accessible and engaging, regardless of their level of musical or technological experience. It has been wonderful to see (and hear!) how, even those teachers who start out without much confidence in their natural musical abilities are enthusiastic performers by the end of the five-day course.

From year to year – and even from day to day within the course -- Paul continues to adapt and innovate, so that the content is always evolving. Paul takes this same approach to his in-school workshops, making Simply Music accessible to an ever-widening audience, for example by translating the content into Irish, or by creating an infants’ version of the workshop. Paul gave a “sneak preview” of the Simply Music infants’ workshop content during one of our parent-toddler classes; the combination of boomwhackers and video projection added very stimulating new elements to the learning experience.”

           Katie Wink & Carol-Ann McKenna, Learn & Explore Department, National Concert Hall, 
Earlsfort  Terrace, Dublin 2,

Tá an tsamhail reatha curtha ar fáil i mBéarla agus tá an rogha As Gaeilge curtha isteach againn chuig an gCeoláras Náisiúnta agus tá súil againn é a chur i bhfeidhm go luath amach anseo.

Ceardlanna Riachtanas Speisialta:
Tá cead díreach faighte ag Simply Music ón gCeoláras Náisiúnta le ceardlann a chur ar bun sna míonna amach romhainn mar chlár píolóta sa réimse riachtanas speisialta agus tá súil aige é a chur i bhfeidhm go luath.

“Lá Náisiúnta Ceoil” an Ark/Music Network
Fuair Simply Music tacaíocht ó Music Network agus ón Ark mar chuid den chéad Lá Náisiúnta Ceoil in Éirinn, arna chomhordú ag Music Network, a bhí ar siúl ar 16 Aibreán 2010.
Léirigh Simply Music agus Scoil Náisiúnta Bhaile Sheáin do Bhuachaillí i nDún Laoghaire ceardlanna teicneolaíochta ceoil san Ark agus bhí áthas orainn gur thuairiscigh RTÉ faoin imeacht don chlár News2Day atá acu ar RTÉ 2.

Rannpháirtíocht Simply Music ag Comhdháil Oideachais Bhliantúil do Phríomhoidí Bunscoile den IPPN (|Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach, 28-30 Eanáir 2010):

Go luath i mbliana ghlac Simply Music páirt i gComhdháil agus Mórthaispeántas an IPPN. Leis seo bhí lucht éisteachta faoi chuing acu de 1000 príomhoide bunscoile, a bheag nó a mhór, a bheidh mar chabhair agus ár gceardlanna oiliúna do mhúinteoirí agus inscoile á gcur chun cinn.  
 
Comhoibriú
Oibrímid go comhoibríoch le heagraíochtaí ealaíon / oideachasúla eile le bheith in ann ceangal leis an lucht féachana is fairsinge agus lena chinntiú go bhfuil an líon is mó daoine óga agus is féidir in ann eispéireas Simply Music a bhrath.
Is iad seo a leanas ár gcomhpháirtithe comhoibritheacha:

·       An Chomhairle Ealaíon
·       The Ark – Ionad Cultúrtha do Leanaí
·       An Roinn Oideachais & Scileanna
·       Comhairle Contae Fhine Gall
·       Comhairle Contae Chill Dara
·       Music Network
·       An Ceoláras Náisiúnta – An Clár 'Foghlaim & Fiosraigh'

Teistiméireachtaí

Simply Music/ An Chomhairle Ealaíon - Aiseolas na nGaelscoileanna (Samhain 2009):

“Sár-Cheardlann a bhí anseo - an-phraiticiúil agus dírithe ar an leibhéal cheart agus ar an gcuraclam ceoil - d’éirigh le Paul & Aingeala níos mó a bhaint amach i ndá lá mar a éiríonn leis an múinteoir ranga a bhaint amach i mbliain. Bheadh sé iontach áiseanna ar nós an clár Simply Music a bhí in úsáid a an gceardlann a bheith ar fáil i bhfoirm cd-romanna do scoileanna le go bhfeadfaí tógáil ar an obair iontach a déanadh & ar an mbealach sin an curaclam ceoil a shaibhriú.”

“Bhí sé soiléar nuair a bhí an ‘taispeántas’ ar siúl go raibh na dáltaí dírithe go hiomlán ar an ‘stiúrthoir’ (an clár dán) – lean siad na notaí, an rithim agus an treoir ‘radharcach (visual) a bhí le feiceáil acu agus dá bhrí sin ni raibh aon chor isteach no treoir eile ag teastál o mhúinteoir no eile – iad ag foghlaim ‘ceol léamh’ i ngan fhios dóibh féin."